Volume 9 1948~1951


Doc No.
Date
Subject

No. 14 UCDA P150/2716

Letter from Joseph P. Walshe to Éamon de Valera (Dublin)

Holy See, 4 March 1948

[corrected]

A Chara dhíl,
Táim an-bhuíoch duit ar do litir chineálta den 18 Feabhra.1 Ma tá mo chroise san obair ar son na tíre, sé do dheashámpla féin fé ndeara é. Ní feidir liomsa, no le haon duine eile in Éirinn, dearmad a dhéanamh ar a bhfuil déanta agat ar son ar dtíre dhúchais, agus anseo sa Róimh tá comaoin thar teorainn ag Éirinn agat. Anseo i lár féin an domhan is mó is féidir a fhéiscint an méid prestige d'Éirinn atá bainte amach agat san domhan uile.

Leannan mo chroidhe go grádhmhail thú a feadh an sosa bhig seo agus guidhim ár Slánaitheoir go dtabharfaidh sé dhuit gach grásta is mian leat é. Mo ghrádh is m'urraim duitse a dhuine uasail, agus do Mhnaoi Ní de Valera.

Mile bhuíochas
S.P. Breathnach

[original]

A Chara dhíl,
Táim an bhuieach diot ar do leitir chinealta de'n 18 Feabhra. Ma tá mo chroise san obair ar son na tire, se do dheashompla féin fé ndeara é. Ní féidir liomsa, no le haon duine eile in Éirinn, dearmad a dhéanamh ar a bhfuil déanta agat ar son ar dtire dhuchais, agus annso sa Roimh tá comaoin thar teorainn ag Eirinn agat. Annso i lár féin an domhan is mó is féidir a fhéiscint an méid prestige d'Eirinn atá bainte amach agat san domhan uile.

Leannan mo chroidhe go gradhmhail thú ar feadh an sosa bhig seo agus guidhim ár Slanuitheoir go dtiuiridh sé dhuit gach grasta is mian leat é. Mo ghrádh is m'urraim duitse a dhuine uasail, agus do Mhnaoi Ní de Valera.

Mile bhuieachais
S.P. Breathnach